15 Eanáir 2010

Seirbhís idirchdreidmheach do Sheachtain na hAontachta Críostaí

Seirbhís idirchreidmheach do Sheachtain na hAontachta Críostaí.

8.00in, Dé hAoine 22 Eanáir 2010, Ardteampall Chriost.

Seanmóirí: an tAthair Leon Ó Giolláin SJ.

Cór: Gaelscoil Chill Dheagláin, Co na Mí.


Déanfar éadach altóra i gcuimhne ar Leaslaoi Ó Briain, iar-Runaí Oinigh an Chumainn nach maireann, a thiomnú ag an tseirbhís seo.

Beidh an t-éadach ar an phríomh-altóir le linn na seirbhíse. Beidh comhghleacaithe Leaslaoi Uí Bhriain i Leabharlann TCD, a bhronn an t-éadach altóra, i láthair ag an tseirbhís seo.

Beidh Fáiltiú i ndiaidh na seirbhíse. Sólaistí ar fáil. Céad mile fáilte roimh gach éinne.