Eolas faoi imeachtaí Chumann Gaelach na hEaglaise. Ag cur na Gaeilge chun cinn in Eaglais na hÉireann. Information on news and events of the Irish Guild of the Church. Promoting the Irish language within the Church of Ireland.
09 Bealtaine 2011
23 Márta 2011
Naomh Seoirse, Béal Feirste - The Parish Church of Saint George, Belfast

Ag ceiliúradh na hEocairiste -Naomh Seoirse, Béal Feirste
Bhí níos mó ná 100 duine ag an seirbhís i nGaeilge i Séipéal Naomh Seoirse ar 21 Márta.
I láthair: Caroline Nolan Oifigeach Forbartha Gaeilge, Cumann Gaelach na hEaglaise, Maire Andrews Foster, Naomh Seoirse, An tArd –Déagánach Gary Hastings, agus an tUrr Brian Stewart, Reachtaire an pharóiste.
------------------------------
Eucharist Celebration in Irish,
The parish Church of Saint George, Belfast
Over 100 people attended this evening celebration of the Eucharist on 20 March.
Present: Caroline Nolan, Irish Language Development Officer, Cumann Gaelach na hEaglaise, Maire Andrews Foster, St. George’s, Arch-Deacon Gary Hastings and the Rev. Brian Stewart, the Rector of St. George’s.
10 Márta 2011
The Eucharist in Irish St. George’s Church, Belfast 20 March @7pm
The Eucharist will be celebrated in Irish in the Parish Church of Saint George, Belfast on 20 March 2011 at 7 o’ clock. Canon Gary Hastings will preside. Éamonn Ó Faogáin agus Úna Ni Mhonacháin will be the vocalists.
Rev. Stewart who is the rector of the Parish, has welcomed this proposal for a service in Irish from his parishioners.
"St. George’s Church is an open door in the heart of the city - a place of prayer and peace. As a Church we have developed new traditions in music, liturgy and inclusiveness down through the years. We see that a service in Irish could form part of a new tradition for our church. We are opening the door on 20 March and we will take it from there".
The Parish Church of St George is the oldest Church of Ireland church in Belfast. It has a ‘High Church’ ethos and it has a strong liturgical and musical tradition.
It was the first church to introduce, amongst other things, the Harvest Thanksgiving, musical recitals in church, early morning celebrations of the Holy Communion, drama in church and, since its first organist Edward J. Bunting (1817 1821) – renowned for his work in collecting and recording Irish Music - it is renowned for its musical traditions.
Originally St. George’s territory stretched from the Falls Road to the Lagan and from Waring Street to Dunmurry and it was known as the Perpetual Curacy of Upper Falls. No less than 10 parishes have been formed out of this territory. One of them, Saint John the Baptist, took on the title of the Upper Falls – leaving the church with its present title, ‘The Parish Church of St. George, Belfast’.
St. George’s Church has an eventful history. The original chapel was used by pilgrims waiting to cross the mud flats which were dangerous at high tide. During the Commonwealth, Cromwell’s troops were stationed in the building, and the lead from the roof was taken for making musket balls. A century later, in 1798, the body of Henry Joy McCracken, the United Irishman executed in the Cornmarket, was buried in the churchyard.
Welcomg the service on 20 March 2011, the Cathaoirleach (Chairperson) of Cumann Gaelach na hEaglaise, Dáithí Ó Maolchoille, said:
“We offer our full support to St. George’s Church. We are delighted that St. George’s are taking this step and we hope that it will continue. We will help them in whatever way we can now, and in the future. We are here to support and help any other group or church that may wish to develop an initiative to promote the use of the Irish language in the Church.
A number of other services will be held in Church of Ireland churches for St Patrick’s day- see www.cumanngaelachnaheaglaise.blogspot.com for details.
www.stgeorges.connor.anglican.org
Seirbhís Ghaeilge i Séipéal Naomh Seoirse
Beidh an Canónach Gary Hastings i mbun Cheiliúradh na hEocairiste i Séipéal Naomh Seoirse, Béal Feirste ar an Domhnach 20 Márta ag 7i.n.. Beidh Éamonn Ó Faogáin agus Úna Ní Mhonacháin ag canadh le ceol tionlacain.
D’fháiltigh an tUrr Brian Stewart, reachtaire an pharóiste, roimh an tseirbhís seo, a bhí molta ag daoine ón bparóiste, ag rá: “Cuirim fáilte roimh an tseirbhís álainn in Eaglais Naomh Seoirse, áit ina bhfuil doras oscailte ann i gcroílár na cathrach, agus áit suaimhnis ann do mhuintir Bhéal Feirste. Le blianta anuas, tá tús curtha againn le traidisiúin nua sa cheol agus sa liotúirge. Tá clú orainn maidir leis an bhfáilte a chuirtear roimh gach éinne sa séipéal seo. D’fhéadfadh seirbhís Ghaeilge bheith mar chuid de thraidisiún úr againn. Beidh doras oscailte ann ar an 20 Márta agus fearadh na fáilte roimh chách”.
Tá séipéal Naomh Seoirse mar an séipéal is sine de chuid Eaglais na hÉireann i mBéal Feirste agus tá sé suite sa traidisiún ‘Uaseaglasta’ , le ardchaighdeán liotúirge agus ceoil ann.
Bhí sé mar an séipéal is túisce a chuir seirbhís d’Fhéile an Fhómhair ar siúl, a chuir ceadail cheoil ar siúl, a chuir seirbhísí Eocairiste ar fáil go luath ar maidin, a thosaigh léiriúcháin drámaíochta sa séipéal agus tá clú ar thraidisiún an cheoil sa séipéal ó ré an orgánaí cháiliúil Edward J Bunting (1871-1821), a bhí ina bhailitheoir clúiteach ceoil Ghaeilge, i leith.
I dtosach, shín fearann Naomh Seoirse ó Bhóthar na bhFál síos go dtí An Lagan agus ó Shráid Waring go Dún Mhuirígh agus tugadh “Curáideacht Shíoraí Uachtar na bhFál” air. Ina dhiaidh sin bhí an talamh roinnte i ndeich bparóiste, agus ghlac paróiste Naomh Eoin Baiste cúram Uachtar na bhFál chuige féin – fágadh séipéal Naomh Seoirse leis an teideal “Eaglais Pharóiste Naomh Seoirse, Béal Feirste” ó shin i leith.
Tá stair shuimiúil ag Séipéal Naomh Seoirse. Bhíodh oilithrigh ag fanacht sa séipéal nuair a bhí sé ró-chontúirteach dul trasna na réileáin láibe. I rith an Chomhlathais, bhain airm Chromail úsáid as an luaidhe ar an díon chun liathróidí muscaeid a dhéanamh. I 1798 cuireadh Henry Joy McCracken (Cumann na nÉireannach Aontaithe) a daoradh chun báis i Margadh an Arbhair (Cornmarket), i reilig an tséipéil.
Dúirt Dáithí Ó Maolchoille, Cathaoirleach, Cumann Gaelach na hEaglaise,
“Tugaimid gach cabhair agus tacaíocht don togra seo. Tá an-áthas orainn go mbeidh an tseirbhís seo ann agus tá súil againn go leanfaidh sé ar aghaidh. Táimid ann chun tacú leo anois agus amach anseo. Má tá suim ag aon ghrúpa eile seirbhís a eagrú, nó comhairle a fháil, ná bíodh leisce oraibhse dul i dteagmháil linn”.
Beidh seirbhísí eile á reáchtáil i nGaeilge in Eaglais na hÉireann do Lá Fhéile Pádraig:
féach www.cumanngaelachnaheaglaise.blogspot.com le tuilleadh eolais a fháil.
www.stgeorges.connor.anglican.org
09 Márta 2011
Seirbhísí Anglacánacha na Féile Pádraig
SEIRBHÍSÍ I nGAEILGE DO LÁ FHÉILE PHÁDRAIG
CHURCH OF IRELAND
SERVICES IN IRISH OR BILINGUAL FOR ST PATRICK'S DAY
Beidh seirbhísí i nGaeilge, nó dátheangach, ar Lá Fhéile Phádraig:
ARD MHACHA: Ardeaglais Phádraig, Ard Mhacha. Comaoineach Naofa, i nGaeilge@ 9.30
ARMAGH: St. Patrick’s Cathedral, Armagh. Holy Communion in Irish @ 9.30
BAILE ÁTHA CLIATH: Ardeaglais Naomh Pádraig, Baile Átha Cliath. An Eocairist, i nGaeilge @ 8.30
DUBLIN: St. Patrick’s Cathedral, Dublin. Holy Eucharist in Irish, Lady Chapel@ 8.30
CILL CHOINNIGH: Ardeaglais Naomh Coinnigh, An Eocairist, dátheangach @ 10.30KILKENNY: St. Canice's Cathedral. Bilingual Eurcharist @10.30
04 Márta 2011
Seirbhís Nua i nGaeilge
Seirbhís Nua i nGaeilge Am-lóin, Ardteampall Chríost/
New Lunchtime Service in Irish, Christchurch Cathedral
Beidh seirbhís i nGaeilge Dé LUAIN, 28 Feabhra 2011 ar 12.45 i.n. agus gach ceathrú Luan ina dhiaidh. Fáilte roimh chách.
03 Feabhra 2011
Caroline Nolan Appointed As Irish Language Development Officer for Cumann Gaelach na hEeaglaise
Cumann Gaelach na hEaglaise (the Irish Guild of the Church) is delighted to announce that it has appointed Caroline Nolan as full-time Irish Language Development Officer for the Cumann. Many will be aware of Caroline, who hails from Carlow originally, from her work in the Irish language education sector in Northern Ireland, and she was the founder of the cross-border body Gaelscolaíocht Éireann. Caroline is a lawyer, with both national and international experience in the field of human rights. She undertook a Masters degree in Conflict Resolution in Kent University, and attended a postgraduate Diploma in Biblical Studies and Theology at Trinity College Dublin. She also spent some time in the United States participating in the Leaders for Tomorrow programme in Harvard University.
She has experience in community development in both Belfast and in the Muskerry Gaeltacht in West Cork. She was director of the West Belfast Economic Forum, and also worked as an executive with the West Belfast Partnership Board, developing links between the business community, government and the community.
She is patron of the Faculty of Energy as the cultural Institute Acadamh Fódhla, the informal academy founded by Peadar Ó Riada in Muskerry, where Caroline and her family currently reside.
Caroline Nolan will be working in the Church of Ireland community throughout the island to promote the language. Under the title "Towards 2014: Promoting the Irish language within the Community of the Church of Ireland", this project will secure the future of the Cumann as it approaches the 100th anniversary of its foundation in the year 2014. This project is being funded by Foras na Gaeilge.
Dáithí Ó Maolchoille, the Cathaoirleach (Chairman) of Chmann Gaelach na hEaglaise, welcomed Caroline’s Nolan’s appointment, saying cheapachán Charoline Nolan, ag rá: “I greatly welcome Caroline Nolan’s appointment as Irish Language Development Officer with the Cumann. This appointment will give new impetus to our efforts to increase the use of the Irish within the community of the Church of Ireland”.
FURTHER INFORMATION
The Irish Guild of the Church was founded in 1914 to (1) promote all that tends to preserve within the Church of Ireland the spirit of the ancient Celtic Church and to provide a bond of union for all members of the Church of Ireland inspired with Irish ideals, (2) promote the use of the Irish language in the Church, (3) collect from Irish sources suitable hymns and other devotional literature, (4) encourage the use of Irish art and music in the Church.
The Guild organises regular services as follows: The second Sunday each month (except July and August) at 8.30 am – Holy Communion in the chapel of the Church of Ireland College of Education, 96 Upper Rathmines Road, Dublin 6; the fourth Sunday each month (except June, July, August and December) at 5 pm – Holy Communion in Christ Church Cathedral, Dublin 8. An interdenominational Service is also organised during the Octave of Christian Unity in January in Christ Church Cathedral. Services are organised in other places throughout the country from time to time – for example, St Patrick’s Day, festivals. The Irish Guild of the Church supports Irish language services in Christ Church Cathedral on certain occasions when Evensong is sung by the Cathedral choir
Website: www.cumanngaelachnaheaglaise.blogspot.com/
Contact: Aonghus Dwane, Hon Secretary Tel 087 6232841
Caroline Nolan, Irish Language Development Officer Tel 085 1632772
Caroline Nolan Ceaptha Mar Oifigeach Forbartha Gaeilge Ag Cumann Gaelach na hEaglaise

Tá an-áthas ar Cumann Gaelach na hEaglaise a fhógairt go bhfuil Caroline Nolan ceaptha mar Oifigeach Forbartha Gaeilge lánaimseartha ag an gCumann. Beidh aithne ag go leor daoine ar Charoline, arbh as Ceatharlach di ó dhúchas, de bharr a saothar i réimse na Gaelscolaíochta i dTuaisceart Éireann, agus ba í a bhunaigh an eagras tras-teorainn Gaelscolaíocht Éireann.
Is dlíodóir í Caroline le taithí náisiúnta agus idirnáisiúnta i réimse na gcearta daonna. Rinne sí céim Máistreachta i Reiteach Coimhlinte in Ollscoil Kent agus d’fhreastail sí ar Dioplóma Iarchéime i Staidéar Bíobalta agus i Léann na Diagachta, Coláiste na Tríonóide. Chaith sí seal sa Stáid Aontaithe ag freastal ar an gclár Leaders for Tomorrow in Ollscoil Harvard.
Tá taithí aici ag forbairt phobail i mBéal Feirste agus i nGaeltacht Mhúscraí. Bhí sí ina stiúrthóir ar Fhóram Eacnamaíochta Iarthar Bhéal Feirste agus ina dhiaidh sin chaith sí seal ina feidhmeannach le Bord Páirtíochta Iarthar Bhéal Feirste ag cothú naisc idir an lucht gnó agus an Rialtas agus an pobal ar an talamh.
Is í an t-éarlamh ar Dháimh Fuinnimh Acadamh Fódhla, an ollscoil scairte a bhunaigh Peadar Ó Riada i Múscraí, áít a bhfuil cónaí ar Caroline anois lena clann.
Beidh Caroline ag dul i mbun oibre forbartha i measc phobal agus eagrais na hEaglaise ar fud an oileáin ar mhaithe leis an teanga a chur chun cinn. Faoin teideal “I dTreo 2014: Ag Cothú na Gaeilge i bPobal Eaglais na hÉireann”, cinnteoidh an togra seo todhchaí an Chumainn agus muid ag druidim i dtreo chomóradh chéid an Chumainn sa bhliain 2014. Tá an togra seo á mhaoiniú ag Foras na Gaeilge.
D’fháiltigh Dáithí Ó Maolchoille, Cathaoirleach Chumann Gaelach na hEaglaise, roimh cheapachán Charoline Nolan, ag rá: “Fáiltím go mór roimh cheapachán Charoline Nolan mar Oifigeach Forbartha Gaeilge an Chumainn. Cuirfidh an ceapachán seo borradh faoinár n-iarrachtaí úsáid na teanga a leathnú i measc phobal na hEaglaise”.
EOLAS BREISE
Bunaíodh Cumann Gaelach na hEaglaise sa bhliain 1914 chun (1) meon na Sean-Eaglaise Ceiltí a choimeád beo in Eaglais na hÉireann agus baill na hEaglaise a chuireann spéis sa Ghaelachas a bhailiú le chéile, (2) úsáid na Gaeilge a leathnú san Eaglais, (3) iomainn agus ábhar diaga eile a bhailiú ó litríocht na Gaeilge agus (4) ceol agus ealaíon Éireannach a chur ar aghaidh in imeachtaí na hEaglaise.
Eagraíonn an Cumann seirbhísí rialta mar a leanas: An dara Domhnach gach mí (seachas Iúil agus Lúnasa) ar 8.30 am - an Chomaoineach Naofa i séipéal Choláiste Oideachais Eaglais na hÉireann, 96 Bóthar Ráth Maonais Uachtarach, Baile Átha Cliath 6; an ceathrú Domhnach gach mí (seachas Meitheamh, Iúil, Lúnasa agus Nollaig) ar 5 pm - an Chomaoineach Naofa in Ardteampall Chríost, Baile Átha Cliath 8. Chomh maith leis sin, eagraítear Seirbhís Idirchreidmheach le linn Sheachtain na hAontachta Críostaí i mí Eanáir in Ardteampall Chríost. Eagraítear seirbhísí eile in áiteanna éagsúla ar fud na tíre ó am go ham – mar shampla, Lá Fhéile Pádraig, féilte. Tacaíonn Cumann Gaelach na hEaglaise le seirbhísí Gaeilge in Ardteampall Chríost ar ócáidí áirithe nuair a bhíonn Urnaí na Nóna á chanadh ag cór an Ardteampaill.
Suíomh gréasáin: www.cumanngaelachnaheaglaise.blogspot.com/
Teagmháil: Aonghus Dwane, Rúnaí Oinigh Teil 087 6232841
Caroline Nolan, Oifigeach Forbartha Gaeilge Teil 085 1632772
22 Samhain 2010
Sonraí Poist: Oifigeach Forbartha Gaeilge
ROINNT SONRAÍ POIST
TEIDEAL AN Phoist: Oifigeach Forbartha Gaeilge
Freagrach do: Coiste Chumann Gaelach na hEaglaise
Próifíl an Phoist: Beidh an tOifigeach Forbartha Gaeilge freagrach go príomha as an Ghaeilge a chur chun cinn ag leibhéal pobail agus gnó in Eaglais na hÉireann agus as plean oibre trí bliana Chumann Gaelach na hEaglaise a chur i bhfeidhm.
Sonraí an Phoist: Is post lánaimseartha trí bliana éCáilíochtaí:
- Ardchaighdeán Gaeilge idir scríofa agus labhartha, mar aon le tiomantas don teanga
- Ardscileanna idirphearsanta agus cumarsáide
- Ardscileanna ríomhaireachta
- An cumas a bheith ag obair as do stuaim féin chomh maith le bheith mar bhall d’fhoireann
- Tuiscint a léiriú ar thraidisiúin shainiúil Eaglais na hÉireann
- Spás cuí oibre/oifige a bheith ar fáil sa bhaile
Príomhfhreagrachtaí
Freagrachtaí Straitéiseacha
- Cláir Ghaeilge an Chumainn a chur i bhfeidhm mar a aontófar leis an Coiste
Freagrachtaí Oibríochtúla:
- Measúnú, bainistíocht thionscadail agus monatóireacht leanúnach a dhéanamh leis an Ghaeilge a chur chun cinn
- Tuairiscí a ullmhú do mhaoinitheoirí
- Imeachtaí/gníomhaíochtaí Gaeilge a reáchtáil agus cuidiú le grúpaí é sin a dhéanamh fosta
- Teagmháil a choinneáil le agus comhoibriú le grúpaí áitiúla, daoine gnó agus le heagraíochtaí deonacha agus reachtúla maidir le cur chun cinn na Gaeilge
Freagrachtaí Airgeadais:
- Buiséad na heagraíochta a bhainistiú ó mhí go mí de réir mar a aontaítear leis an Choiste agus tuairisciú a dhéanamh leis an mhaoinitheoir go príomha maidir le caiteachas/theacht isteach
- Feidhmiú laistigh de bhuiséad socraithe
- Foinsí eile maoinithe a aimsiú d’fhonn príomhchuspóirí na heagraíochta a chur chun cinn
Freagrachtaí cumarsáide:
- Freastal ar chruinnithe de chuid an Choiste de réir mar is cuí
- Tuairisciú don Choiste ar chuspóirí/phlean oibre an Chumainn a chur i bhfeidhm
- Coinneáil i dteagmháil le réimse leathan páirtithe cuí maidir le ceisteanna a bhaineann leis an Ghaeilge sa phobal
- Aidhmeanna agus cuspóirí an Chumainn a chur chun cinn trí fheachtas margaíochta
- A bheith páirteach mar bhall den Chumann
Eolas breise faoi Oifigeach Forbartha Gaeilge Chumann Gaelach na hEaglaise
Beidh an té a cheapfar ag dul i mbun obair stocaireachta laistigh de phobal Eaglais na hÉireann ar bhonn uile-oileánda ar mhaithe leis an Ghaeilge a chur chun cinn.
Beidh sé/sí ag plé le heagraíochtaí éagúla eaglasta sna deoisí agus go naisiunta, agus le meáin chumarsáide na heaglaise, m.sh. le hirisí deoise agus náisiúnta.
Beidh sé/si i mbun eargúcháin ranganna Gaeilge, mar aon le seisiúin feasachta teanga a chur ar bun, agus obair leis na scoileanna.
Beidsh curaimí eile ar an Oifigeach chomh maith.
Tá eolas faoin bpost ar fáil ach riomhphost a sheoladh chuig cge1914@gmail.com
Beidh sé/sí ag plé le heagraíochtaí éagúla eaglasta sna deoisí agus go naisiunta, agus le meáin chumarsáide na heaglaise, m.sh. le hirisí deoise agus náisiúnta.
Beidh sé/si i mbun eargúcháin ranganna Gaeilge, mar aon le seisiúin feasachta teanga a chur ar bun, agus obair leis na scoileanna.
Beidsh curaimí eile ar an Oifigeach chomh maith.
Tá eolas faoin bpost ar fáil ach riomhphost a sheoladh chuig cge1914@gmail.com
16 Samhain 2010
IRISH LANGUAGE DEVELOPMENT OFFICER BEING RECRUITED BY CUMANN GAELACH NA hEAGLAISE
Cumann Gaelach na hEaglaise (the Irish Guild of the Church) is delighted to announce that it has secured funding from Foras na Gaeilge to employ a full-time Irish Language Development Officer for the Cumann. Under the title "Towards 2014: Promoting the Irish language within the Community of the Church of Ireland", this project will secure the future of the Cumann as it approaches the 100th anniversary of its foundation in the year 2014.
This will be a three year contract. Applications for the position (by email to cge1914@gmail.com) are being accepted until Wednesday, 15 December, and interviews will be held on 22 December. Further information is available on the website www.cumanngaelachnaheaglaise.blogspot.com or can be obtained by e-mailing cge1914@gmail.com The new officer will be working in the Church of Ireland community throughout the island to promote the language.
FURTHER INFORMATION
The Irish Guild of the Church was founded in 1914 to (1) promote all that tends to preserve within the Church of Ireland the spirit of the ancient Celtic Church and to provide a bond of union for all members of the Church of Ireland inspired with Irish ideals, (2) promote the use of the Irish language in the Church, (3) collect from Irish sources suitable hymns and other devotional literature, (4) encourage the use of Irish art and music in the Church.
The Guild organises regular services as follows: The second Sunday each month (except July and August) at 8.30 am – Holy Communion in the chapel of the Church of Ireland College of Education, 96 Upper Rathmines Road, Dublin 6; the fourth Sunday each month (except June, July, August and December) at 5 pm – Holy Communion in Christ Church Cathedral, Dublin 8. An interdenominational Service is also organised during the Octave of Christian Unity in January in Christ Church Cathedral. Services are organised in other places throughout the country from time to time – for example, St Patrick’s Day, festivals. The Irish Guild of the Church supports Irish language services in Christ Church Cathedral on certain occasions when Evensong is sung by the Cathedral choir.
Oifigeach Forbartha Gaeilge á earcú do Chumann Gaelach na hEaglaise
Tá an-áthas ar Cumann Gaelach na hEaglaise a fhógairt go bhfuil maoiniú ceadaithe ag Foras na Gaeilge le hOifigeach Forbartha Gaeilge lánaimseartha a fhostú don Chumann. Faoin teideal “I dTreo 2014: Ag Cothú na Gaeilge i bPobal Eaglais na hÉireann”, cinnteoidh an togra seo todhchaí an Chumainn agus muid ag druidim i dtreo chomóradh chéid an Chumainn sa bhliain 2014.
Conradh trí bliana atá i gceist. Táthar ag glacadh le hiarratais ar an bpost (trí ríomhphost chuig cge1914@gmail.com) go dtí an Chéadaoin 15 Nollaig, agus reáchtálfar agallaimh ar an 22 Nollaig.
Tá gach eolas ar fáil ar an suíomh gréasáin www.cumanngaelachnaheaglaise.blogspot.com nó trí ríomhphost a sheoladh chuig cge1914@gmail.com. Beidh an tOifigeach nua ag dul i mbun oibre forbartha i measc phobal agus eagrais na hEaglaise ar fud an oileáin ar mhaithe leis an teanga a chur chun cinn.
EOLAS BREISE
Bunaíodh Cumann Gaelach na hEaglaise sa bhliain 1914 chun (1) meon na Sean-Eaglaise Ceiltí a choimeád beo in Eaglais na hÉireann agus baill na hEaglaise a chuireann spéis sa Ghaelachas a bhailiú le chéile, (2) úsáid na Gaeilge a leathnú san Eaglais, (3) iomainn agus ábhar diaga eile a bhailiú ó litríocht na Gaeilge agus (4) ceol agus ealaíon Éireannach a chur ar aghaidh in imeachtaí na hEaglaise.
Eagraíonn an Cumann seirbhísí rialta mar a leanas: An dara Domhnach gach mí (seachas Iúil agus Lúnasa) ar 8.30 am - an Chomaoineach Naofa i séipéal Choláiste Oideachais Eaglais na hÉireann, 96 Bóthar Ráth Maonais Uachtarach, Baile Átha Cliath 6; an ceathrú Domhnach gach mí (seachas Meitheamh, Iúil, Lúnasa agus Nollaig) ar 5 pm - an Chomaoineach Naofa in Ardteampall Chríost, Baile Átha Cliath 8. Chomh maith leis sin, eagraítear Seirbhís Idirchreidmheach le linn Sheachtain na hAontachta Críostaí i mí Eanáir in Ardteampall Chríost. Eagraítear seirbhísí eile in áiteanna éagsúla ar fud na tíre ó am go ham – mar shampla, Lá Fhéile Pádraig, féilte. Tacaíonn Cumann Gaelach na hEaglaise le seirbhísí Gaeilge in Ardteampall Chríost ar ócáidí áirithe nuair a bhíonn Urnaí na Nóna á chanadh ag cór an Ardteampaill.
Suíomh gréasáin: http://www.cumanngaelachnaheaglaise.blogspot.com/
10 Meitheamh 2010
Glac ballraíocht sa Chumann- become a member of Cumann Gaelach na hEaglaise

Fáilte roimh bhail agus chairde Eaglais na hÉireann. Seol síntiús (€20 ar a laghad) chuig Dáithí Ó Maolchoille, 75 Páirc Weston, Baile an Teampaill, Baile Átha Cliath 14.
Membership opoen to both members and friends (of all denominations) of the Church of Ireland who wish to see the Irish language developed within the life of that church community in accordance with its distinctive tradition.
Please send subscription to the address above.
Oifigigh an Chumainn 2010-2011
Ag an Cruinniú Chinn Bhliana ar Lá Cholmcille, 9 Meitheamh 2010, toghadh na hOifigigh seo a leanas don Choiste:
- Daithí Ó Maolchoille, Cathaoirleach agus Cisteoir Oinigh
- Aonghus Dwane, Rúnaí Oinigh
- Kenneth Milne
- Seathrún Mac Éin
- Eileen McCracken
- Eric Culbertson (an tUrr.)
- Máirt Hanley (an tUrr.)
- Elaine Dunne (an tUrr.)
15 Eanáir 2010
Seirbhís idirchdreidmheach do Sheachtain na hAontachta Críostaí
Seirbhís idirchreidmheach do Sheachtain na hAontachta Críostaí.
8.00in, Dé hAoine 22 Eanáir 2010, Ardteampall Chriost.
Seanmóirí: an tAthair Leon Ó Giolláin SJ.
Cór: Gaelscoil Chill Dheagláin, Co na Mí.
Déanfar éadach altóra i gcuimhne ar Leaslaoi Ó Briain, iar-Runaí Oinigh an Chumainn nach maireann, a thiomnú ag an tseirbhís seo.
Beidh an t-éadach ar an phríomh-altóir le linn na seirbhíse. Beidh comhghleacaithe Leaslaoi Uí Bhriain i Leabharlann TCD, a bhronn an t-éadach altóra, i láthair ag an tseirbhís seo.
Beidh Fáiltiú i ndiaidh na seirbhíse. Sólaistí ar fáil. Céad mile fáilte roimh gach éinne.
8.00in, Dé hAoine 22 Eanáir 2010, Ardteampall Chriost.
Seanmóirí: an tAthair Leon Ó Giolláin SJ.
Cór: Gaelscoil Chill Dheagláin, Co na Mí.
Déanfar éadach altóra i gcuimhne ar Leaslaoi Ó Briain, iar-Runaí Oinigh an Chumainn nach maireann, a thiomnú ag an tseirbhís seo.
Beidh an t-éadach ar an phríomh-altóir le linn na seirbhíse. Beidh comhghleacaithe Leaslaoi Uí Bhriain i Leabharlann TCD, a bhronn an t-éadach altóra, i láthair ag an tseirbhís seo.
Beidh Fáiltiú i ndiaidh na seirbhíse. Sólaistí ar fáil. Céad mile fáilte roimh gach éinne.
23 Deireadh Fómhair 2009
Lunchtime Lecture Series November 2009
CHRIST CHURCH CATHEDRAL, DUBLINTo celebrate the 95th anniversary of its foundation in 1914, the Culture Committee of Christ Church Cathedral in assocation with the Cumann, is delighted to announce a series of lunchtime lectures to be held during the month of November 2009. All lectures are free of charge and are open to all.
PROGRAMME/ CLÁR
TUESDAY 3RD NOVEMBER 1.15PM
Coláiste Móibhí- a Gaelic experiment
Valerie Jones Author of a history of Coláiste Móibhí
TUESDAY 10TH NOVEMBER 1.15PM
Protestant learners of Irish in Northern Ireland
Gordon McCoy Development Officer with the ULTACH Trust
TUESDAY 17TH NOVEMBER 1.15PM
The Welsh Language and the Church in Wales
Andrew Jones Priest of the Church in Wales
TUESDAY 24TH NOVEMBER
Cumann Gaelach na hEaglaise 1914-2009: An Overview
Dáithí Ó Maolchoille Cumann Gaelach na hEaglaise
All Welcome.
The lectures, in English, will be followed by a short discussion, at which contributions in Irish will be most welcome.
Fáilte roimh chách.
Beidh na leachtanna i mBéarla, agus beidh deis phlé ann, agus cuirfear fáilte roimh ionchur I nGaeilge.
20 Deireadh Fómhair 2009
COI Delegation meets with DUP, UUP on Irish language

In late 2008/early 2009, a delegation from the Church of Ireland's Church in Society committee met with representatives from the UUP and DUP to put forward the Church's view on the Irish language. In particular, the view was put forward that an interest in the language could be entirely compatible with a unionist political outlook. The document may be read in full at www.ireland.anglican.org/cmsfiles/pdf/Information/Submissions/Ch_Soc/coiirish.pdf). The report was presented to General Synod in May 2009.
Chas toscaireacht ó Eaglais na hÉireann le hionadaithe polaitiúla Aontachtacha ón UUP agus an DUP, faoi seach, ag tús na bliana seo. Chuir an toscaireacht cáipéis faoi bhráid na bpolaiteoirí, ag cur ina luí orthu a gcreideamh go bhféadfadh suim sa Ghaeilge a bheith ag teacht le Protastúnachas agus/nó le dearcadh polaitiúil aontachtach, agus go bhféadfadh ceangail le Gàidhlig na hAlban, Gaeilge Oileán Mhanainn, an Bhreatnais agus an Choirnis a bheith mar bhealaí le naisc a chruthú leis na réigiúin eile sa Ríocht Aontaithe/ar na hoileáin seo (féach www.ireland.anglican.org/cmsfiles/pdf/Information/Submissions/Ch_Soc/coiirish.pdf). Cuireadh an cháipeis faoi bhráid Shionad na hEaglaise i mí Bealtaine 2009.
Chas toscaireacht ó Eaglais na hÉireann le hionadaithe polaitiúla Aontachtacha ón UUP agus an DUP, faoi seach, ag tús na bliana seo. Chuir an toscaireacht cáipéis faoi bhráid na bpolaiteoirí, ag cur ina luí orthu a gcreideamh go bhféadfadh suim sa Ghaeilge a bheith ag teacht le Protastúnachas agus/nó le dearcadh polaitiúil aontachtach, agus go bhféadfadh ceangail le Gàidhlig na hAlban, Gaeilge Oileán Mhanainn, an Bhreatnais agus an Choirnis a bheith mar bhealaí le naisc a chruthú leis na réigiúin eile sa Ríocht Aontaithe/ar na hoileáin seo (féach www.ireland.anglican.org/cmsfiles/pdf/Information/Submissions/Ch_Soc/coiirish.pdf). Cuireadh an cháipeis faoi bhráid Shionad na hEaglaise i mí Bealtaine 2009.
Subscribe to:
Posts (Atom)
